“Walentine’s Day”

imageChuas suas dtí Nain aréir le cúpla package brioscaí agus chocolates i gcomhair Valentine’s Day!

“Ó, thank you”, ars’í.

“Seo, ten euros duit i gcomhair Walentine’s Day”.

Ansan, siúd léi, síos an phress.

“Caileann tú’meacht?”, arsa mise.

“Hold on, hold on”, arsa Nain.

Thóg sí buidéal fíona amach as an gcupbord,

“Seo, abair le Mark Evans go dtugas buidéal vine do ‘gcóir Walentine’s Day”!

An bhean bhocht. S’dócha go bhfuil an buidéal san istigh le 10 mbliana.

I bhfeabhas a bheidh sé ag imeacht!

Nach ait an béas atá ag an seanna dhrom, ní scaoileann siad leat is do dhá láimh ag silleadh leat in aon chor.

Fuair sí cuireadh ansan, chun dul dtí seoladh leabhair Uncail Phaddy, a bheidh sa Mhusaem an deireadh seachtaine seo.

An comhlucht AN SAGART atá á fhoilsiú.

Arsa Nain, “Ó, fuaireamair cuireadh chun dul dtí’n leabhar. Cé hé an Sagart a bheidh á sheoladh?”!!! BOSCO a bheidh á sheoladh agus An Sagart, á fhoilsiú!

Cuid dos na habairtí atá ráite aici le déanaí:

“Ó, fhéach Cnoc Bhréanainn ‘s’a barra athá air”.

“Rabhais sa gym? Ná bí ag ardach aon vweighteanna, tháim á rá leat”.

“Ó, thá’n pancake ana dheas, coimeádfaidh me blúire dtí’máireach”! Dh’ith Nain buckwheat pancake aréir! N’fheadair sí a mhalairt, cheap sí gur gnáthcheann a bhí ann!

“Ó, bhí an ham a thugais chugam ana dheas ar fad. Amach as mo láimh a dh’ithim an ham.”

“Ó, beidh Gráinne is David a’pósadh ar an dtráigh. Seo leat uaim”. Sin é a dúirt sí liom aon oíche amháin nuair a ghlaos í agus í ag faire ar Ros na Rún!

“Ó, tá diabhal éigin tar éis mo chredit ar fad a dh’úsáid” (agus €13.00 fágtha aici)

Nuair a ghlaonn sí, ní bhrúann sí an cnaipe dearg in aon chor tar éis an phonecall agus bíonn an credit á ithe ansan!! An mó babhta é ráite agam léi an cnaipe dearg a bhrú?!

 

Advertisements

Harlí

Sea, tháinig agus dh’imigh an Nollaig ar an gCoimín, agus “Ó, thá’n ghráin agam ar an Nollaig”.

Lá Nollag ach go háirithint, ghlaoigh Nain an mhaidin san.

“Sea, bhfuileann tú a’meacht dtí’n snámh?”

“Ya”, arsa mise.

“Ó, rachadsa i d’theannta”, arsa Nain.

B’ait liomsa é seo, lá chomh fliuch, chomh gránna leis, go dteastódh uaithi imeacht amach.

Bhailíos í agus siúd linn síos go Baile na nGall. Shuigh Nain sa chairt faid a chuasa ag snámh. Nuair a shuíos isteach sa chairt ansan aríst, ars’í, “Ó, cail Seán Breandán go dtabharfaidh sé na fags amach ó Thi’ TP chugam?”

“Ó, go saora Dia sinn, cad a dhéanfaidh mé gan na fags Lá Nollag”, a dúirt Nain.

Bhío’s agam nach a’dul a’féachaint ar an snámh a bhí sí, ach go raibh rud éigin eile ar na bioráin aici!! Na fags, cad eile.

Chuireas fios ansan ar Mham féachaint an rachadh sí siar dtí siopa an Bhuailtín a’triail orthu di. Bhí an siopa san dúnta.

Ach mo chroí’on diabhal, ná bhí dhá bhosca fags sa drawer aici agus fós, í ag cnáimhseán ná raibh a dóthain aici!

“Ó, maróidh na fags me. Ná caithfidh rud éigin mé’mharú”, a deir sí.

“Mark, the fags vuil kill me”, a bhíonn aici le Mark!

Má tá, ní mharaíodar fós í, buíochas le DIA.

 

Ansan, tháinig Bríd Nic Eoin abhaile ó Shasana lena buachaillín beag Harlí.

Bhíosa is Bríd ar scoil le chéile ó bhíomair ceathair.

Bhearráil Nain Bríd ón dtig aon oíche amháin nuair a bhíomair timpeall sé, toisc go gcaith Bríd liathróid plaisteach in airde dtí’n síleáil, is bhuail sé an bulb is phléasc an bulb!!! Is cuimhin le Bríd an scéal riamh ó shin.

“Remember when I was barred from you house”, a deir sí!!!

Pé scéal é, arsa Nain, “Sea, an dtáinig Bríd abhaile?”

“Ya, ach thá sí imithe arís”, arsa mise.

“Ó. An raibh Aldi ‘na teannta?”

Aldi a cheap sí, a bhaist Bríd ar an mbuachaillín. Harlí bocht!!!

 

 

 

An cárta Nollag seoigh

Is mó cárta Nollag a fhaigheann Nain! Agus is mó ná san cárta a dhóigh leat a fhaigheann sí dá rachfá an tig chuici mar bíonn cártaí na bliana seo caite, is na bliana seo caite arís curtha in airde arís aici, mar mhaisiúcháin!

D’fhéadfadh cheithre chárta a bheith aici ó Pheig Baker ón gCoimín, nó ó dhaoine eile a chuireann chuici iad go rialta.

Bhí cárta beag amháin ar an bhfuinneoig aici an lá eile, áfach, agus “Thank You” scríbhte amuigh air.

“See? Féach. Ó, conas a leaindeáil sé ar an gCoimín”, arsa í.

“Conas? Cad tá i gceist agat”? arsa mise.

“Fh’éach a’t-enbilope”, a dúirt Nain.

Scríbhte amuigh air, bhí “Máirín Bhiddy, Coimín, Baile na nGall, Trá Lí, Co. Chiarraí”!

N’fhéadfainn stop’ a’gáirí.

Ó Bhríd Johnson a tháinig an cárta i Londain, a’gabháil buíochais le Nain as bhrontannas a chuir sí chuici dá mac nua Harlí!

Arsa Bríd, nuair a dúrt lé é, “Oh My God like, I thought that’s what everyone called her??”

Ní chaill Bríd a dúchas thall fós! Buíochas le Dia!

 

Bhíos féin is Uncle Seán ansan ina teannta agus na maisiúcháin á gcur in airde aici.

“Ó, caith in airde an seanna scatturum san as mo radharc, in airde ar an bpictiúir beannaithe”, a dúirt sí.

Tá an tig ana dheas a’féachaint ach an crann saghas tougháltha.

Crannín beag is ea é ach níl ach timpeall ar 10 gcinn do shoilse air.

“Nain, ceannó’mé a thuilleadh soilse duit”, a dúrt.

“Ó, ná dein. Táim á rá leat, mar ná lasaim é”!

Ní maith léi puinn an Nollaig. Bíonn sí fé bhrú a’triailt rudaí a dhéanamh.

Ar na rudaí is práinní do Nain, tá “screenanna glana a chur in airde” agus na fallaí a ní!

Ní chuimhneóinse go deo orthu san!

Dúirt Debbie Steele liom an lá eile, go raibh císte déanta ag Caroline Danaher sa Daingean do leaideanna West Kerry Fitness ach mura raibh sé uathu, é thabhairt do Nain.

Thugas an pórtar cake dtí Nain inniu.

“Seo, Nain, tá císte ansan duit a thug bean sa Daingean duit a bhíonn a’léamh an bhlog”.

“Ó, cé hí fhéin? Go saora Dia sin, an blog, pé saghas rud é”

Tá an bhean a’déanamh ana thinneas di mar ná féidir léi a dhéanamh amach cé hí féin!

 

Buailíg dtí Nain aimsir na Nollag. Tá “vine” istigh aici le 6 mbliana ná dh’ól éinne riamh!

 

#yum

“Ó, thá’n ghráin agam ar an Nollaig”

Táimse ana ana chosúil le Nain. Nílim ach tar éis ceann a thógaint do san le déanaí.

 

Bíonn míle rud difriúil a’meacht trí’m cheann sa turas agus tá Nain mar a chéile.

 

Téim chuici laethanta ná beinn feiscithe aici ar feadh tamaill agus tosnaíonn sí;

“Sea, conas a bhí pósadh dheartháir Mhark?”

“Cé bheidh a”léamh a’news inniu?”

“Ó, níl aon ní déanta agam don Nollaig” (Bhí sí á rá san i dtús na Samhna)!

“Bhí recipe agamsa do ham na Nollag a dheineann Kevin sin a bhíonn a’ cookáil” (Dundon)!

“Ó, bhreá liom ‘meacht go Liddle’s lá éigint”

“Ó, bhí Bosco anseo an oíche eile is thug sé dhá phear chugam. Ó, bhíodar go haoibhinn ar fad ar fad. ‘S’dócha ná dh’itheas dhá phear riamh”

 

‘Ní ólaim aon vine ach ólaim fags. An bhfeadairís go bhfuil buidéal wadka istigh agam le 3 mbliana a bhuas sa Day Centre i raffle. Caithfidh mé dtí diabhal éigin i gcomhair na Nollag é”!!

“Cuit amach uaim, ó an seanna chat san, a bhfeadairís, táim leaidleáltha aige”

“Thá ana dhúil agam i mbun. Bíonn bunanna deasa i nGeairbhís”

“Ó, caithfidh tú na Christmas Cards a scríobh dom is iad a chaitheamh uaim as mo radharc”…

 

Thosnaíos a’ scríobh.

“Right Nain, cé do an chéad cheann?”

“Ó, do Mhary is Dave is Stephen is Owen is na madraí, n’fheadar cén ainm atá ar na madraí”.

“Cad a scríobhfaidh mé air?”

“Happy Christmas to you from Nain. That’s all”

 

Leanas orm agus í á rá liom cé chucu a chuirfeadh sí na cartaí, “mar beidh mé á bpóisteáil Dé hAoine mar táim a’meacht an Day centre mar beidh dinnéar na Nollag ann is caithfidh mé uaim amach as mo radharc iad”!

“Ceann duit fhéin is do Mhark. To Sláine and Mark. Happy Christmas to you from Nain. That’s all”!!!

Is olc an scéal é go gcaitheas mo Christmas card fhéin a scríobh really!!!

Rudaí an tSagairt a cheanaíonn sí na haon bhliain.

 

 

An sto-rum agus an hurry-céin…

Sea, thángamar slán.

Cheap Nain le seachtain ná tiocfaimís. Bhí sí sceimhlithe ar fad ina beathaigh ag tuairiscí aimsire. Bhog sí amach as an dtig ar feadh dhá oíche agus ní mór a thug sí léi, ach na fags!

“Beidh na cóchanna san dainséarach. Maróidh siad fear éigin”… a dúirt sí oíche Dé Domhnaigh agus í a féachaint ar an “vweather”.

Mo ghraidhn í, bhí trua agam di. Í a’meacht is bús fags aici.

Inniu ansan, (Dé Máirt tar éis na stoirme), bhíos istigh sa drawer i dtig Nain a’fáilt rud éigin agus bhí timpeall ar 9 bhar YORKIE istigh ann.

“Nain, tá tarrac ar yorkies agat”

yorkie-not-for-girls

“Ó, ní dh’itheas aon cheann acu ó oíche an stor-um is ní dheineas aon néal chodlata”.

An bhean bhocht!

N’fhaca éinne an cat ach oiread ó oíche an stor-um, ach ansan chonac thíos ar Arda Mór é agus mé ar an slí thar nais ag obair.

“Nain, tá an cat feiscithe agam in Arda Mór”, arsa mise léi ar an bhfón.

“Ó, ná fada síos a chuaigh sé. Sea’na luífidh sé leo anois. Tagann sé aníos uaireanta!”

Sea, nuair a bhíonn a bholg a’cuir air!

Bhí sí a’caint ansan ar an dtelevision nua a fuair sí.

“Sea, n’fheacaís mo thelevision nua in ao’chor. DHÁ CHEAD EURO A BHÍ SÉ”, a bheic sí.

“Sea, ní cheannó’mé faic go deo arís”!!

Mar a dúrt cheana, imíonn sí ó rud go rud a’caint.

“Féach an trolly a thug an Nurse chugam”! (walker beag le trí roth air!)

Ros na Rún an chéad ábhar eile.

“Sea, tá David sa Spidéal is pusachán ar a cheann. Ní thiocfaidh sé as san in aon chor. Ní thiocfaidh mhuis, é sin ó Dhún Chaoin, Seán Mistéal”!

RnaR-88816-640x457

Thosnaigh sí a’trácht ansan ar na daoine seo a bhí ar an gCoimín an lá eile.

“Ó, bhí stróinséirithe éigint timpeall inné”, arsa í, “agus band acu”.

“Pheairceáladar lasmuigh don dtig agus bhíodar síos is aníos an Coimín agus leaflití acu agus band acu”.

Bhíos a’d’iarraidh a dhéanamh amach, cén saghas diabhal band a bheadh a’meacht timpeall agus iad a déanamh bolscaireachta ar Bhand? Cheapas ansan, b’fhéidir, gurb iad na “Joey’s Witness” iad, mar a thugann Nain orthu, a bhí timpeall, mar gur minic a chíonn an Coimín a leitheidí.

“Cén saghas band”, arsa mise?

“Ó, n’fheadar. Bhíos addláltha acu”, arsa Nain.

Ansan, chuimhníos.

“An broadband ab ea, Nain?”, arsa mise.

“Ó, sea, pé saghas rud é”, a dúirt Nain! Mo ghraidhn í. Deinim amach go bhfuil sí níos fearr as á cheal pé scéal é!

index

An maircréal!

Ghlaoigh an fón inniu, Nain a bhí ann.

“Hello”.

“Ó, halló, cailleann tú?”.

“A’meacht a siúl le Rua”.

“Ó, an dtiocfaidh tú chugam, níl faic istigh agam”. (agus an fridge agus na pressanna lán!!)

“Ya, tiocfaidh mé chugat tar éis dom a bheith a’siúl Nain”.

“Ó, thanks a chroí, níl uaim ach na fags”.

Mhairfeadh sí gan aon ghreim bídh, ach na fags a bheith aici!

 

Bhí sí a’caint an lá eile ar Susan Feirtéar a bhí ar an Saol Ó Dheas.

“Ó, an Feirtéarach san a bhí a’caint le Helen Sé agus an scoláireacht atá uirthi. Deinimse amach go bhfuil deartháir aici sin agus go bhfuil chemisrty aige thuas in Ennis!” (chemist atá ag an bhfear, dé dhealraimh).

“Sea, cé bheidh a’léamh news a 4 anois? Dáithí du’ Móórga’s dócha”.

20170925_150345[1].jpg

Seo pictiúir don mbeirt againn istigh ag an ndochtúir.

“Cén ainm atá ar an rud eile sin atá agam arís”, ars’í.

“Diabetes” arsa mise!

“Dúirt seanna dhochtúir Fanning fadó, go ndéanfadh trí ubh sa tseachtain tú mar go mbíonn do cholestoril ard aige!”

 

Téann sí ó rud go rud a’caint!

“Nain, an vótálais dom dos na Gradaim Chumarsáide”?

“Ó, seo leat, dein fhéin óm’ fón é, n’fheadarsa conas é a dhéanamh. Deinim amach go bé Dara Ó Cinnéide a bhuafaidh a’gradam”.

“Ach sure Nain, níl Dara Ó Cinnéide istigh im’choinne’se”.

“Ó, cuma é sin, sé gheobhaidh é”!!!!

 

Thanks NAIN!! Deireadh sí é sin leis fadó nuair a bhínn a’cur isteach ar an gcomórtas amhránaíochta don Oireachtas.

“Ó, ní bhuafaidh tú é sin in ao’chor mar bíonn bránaigh ó Chonamara ansúd”!

 

“Sea, an gcualaís go bhfuil ti’ Síle Gorman for sale. Millón euro, bhfuil sé agat?”

Ansan bhíos á rá léi go ngortaíos mo dhrom sa gym.

“Ó, can’a thaobh go mbíonn tú a tógaint na seanna dhiabhal weighteanna. Cuireann siad strain ar do lámha, cuireann siad strain ar do chosa, cuireann siad strain ar na haon phioc duit!”

 

Bhí sí a’ceannach bídh ansan dom sa Daingean an lá eile. Cuma léi ach rud éigin a thabhairt abhaile dtí’s na héinne. Thug sí na peppers chugam arís.

“Cén aimn atá orthu san?”, arsa mise.

“Ó, nfheadar sa diabhal”.

Mo ghraidhn í.

Bhí sí a’caint ansa ar Mheáig agus ar Pheats a bhíodh béal dorais.

“Bhíodh maircréal istigh i mbarraile aige Meáig fadó á leasú agus a’chéad rud eile ná ghaobh francach dtí’n maircreál. Ni dhein sí faic ach an tlú a fháilt agus breith air. Get out you fu%ker a dúirt sí leis. Ní mharaibh an maircreál Meáig.” !!!

 

 

 

 

 

 

“Nain is too old now, Lady!”

asda

Thugas Nain a’triail ar an “‘rán” inniu, siar dtí’n siopa nua i mBaile an Fheirtéaraigh. Ní raibh na fags Gorma ann…

SuperkingsBlue-20fMT2007

“Ó, sé mar a bhíonn aige Johanna, a bhfeadairís, ná, ná ritheann sí’mach as faic. Bíonn na chociluts (chocolates) aici, is bíonn na fags gorma aici is bíonn na haon diabhal rud aici”.

 

“Ya, Nain”, arsa mise, “ní ritheann sí amach as na fags gorma, mar bíonn fhios aici go gceanóidh tusa bosca uaithi na haon lá”.

“Ó, deineann na fags maitheas dom”, arsa í agus í a’gáirí.

 

“Nain”, arsa mise ansan, “an bhfuil fhios agat, má fhaigheann tusa bás, go gcaillfear i d’dhiaidh mé mar ná féadfainn maireachtaint gan tú. Níl cead agat bás a fháilt”.

Ó, caillfear, mhuis”, arsa í.  “Dá mbeinn a fáil bháis fhéin, ní ligfeadh sibh dom bás a fháilt”! “Ní mharódh a’diabhal Nain” arsa í!

 

Ansan bhíomar a’gabháil trí Bhaile na nGall…

18342405_1853274184926253_2410336577535735994_n

 

“Gcuimhin leat”, a dúrtsa, “nuair a bhíos beag agus théinn ar an dtráigh i m’aonar?”

“Cuimhin liom aon bhliain amháin go dtugasa go Baile na nGall sa phram thu, is a’chéad rud eile bhís gafa in airde ar an gclaí thíos ar an gcé. Dá dtitfeá isteach san uisce, bhís marbh”, a dúirt Nain.

“Riamh ó shin, ní thugas go Baile na nGall tú. Ó nár mhór an diabhal thu, ná tiocfadh anuas don gclaí”!!

 

Ansan, bhuaileamar le cara Nain, Caitlín, agus a glúin ataithe, agus arsa mise, “Nain, tá glúin Chaitlín níos measa ná do cheannsa”.

“Tá mhuis, nás measa i bhfad mo cheannsa, see?” agus í a’tarrac aníos a gúna!

“Bhuel, ort fhéin atá an locht”, arsa mise, “mar ná beidh an t-operation agat”.

 

“Nain is too old now to have an operation Lady”. B’shin é an tor a thug sí orm!!!

An reist

fvdf

Dhein reist ana mhaitheas do Nain.

Ní fhág sí ag tig ar feadh coicíse agus dúirt sí go bhfuil a glúin i bhfad níos fearr anois dá bharra.

Bíonn a glúin ana olc. Tá ana-dhroch arthritis ann ach ar ór ná ar airgead, ní rachaidh sí an óspidéal chun glúin nua a fháil. Fuair sí coinne maith go leor, timpeall ar 8 mbliana ó shin chun a glúin a dhéanamh; litir a tháinig sa phóist, agus ní chuala éinne mar gheall air. Ansan, an lá go raibh sí le bheith istigh don operation, fuair Mam glaoch ón ndochtúir ag fiafraí di ca’na thaobh ná raobh aon radharc ar Nain. Ghlaoigh Mam Nain chun an scéal a fhiosrú.

“Ó, ná chaitheas an seanna letter san isteach sa tine” arsa í.

“NO VWAY anois, a bhfeadairís, nílim chun dul ann. Beidh mé alright.” Ach níl sí alright. Bíonn pian ina glúin na haon diabhal neomant don lá.

“Conas tá’n tú, a Mháirín”, a fhiafraíonn daoine di.

“Ó bheinn go diail ach mo ghlúin”, a deir sí. Agus bheadh. Do bhean a dh’ólann 20 fag is ló, tá an tsláinte go diail ar fad aici. Ní itheann sí na chia seeds ná na goji berries agus ní dh’ólann sí aon bhraon uisce gan trácht ar na herbal teas, ach ruthan san, tá sí chomh folláín le breac!

Inné, shiúil sí siar chomh fada leis an siopa ar an mBuailtín chun an ” ‘rán” a fháil ó thig Mham, agus i leith arís am’briathar! Agus an “chrutch” aici.

Bhí Rua in aon láimh amháin agam ar an leed, agus Nain sa láimh eile, greamaithe dom “ar eagla go dtitfinn a bhfeadairís”, agus Rua i m’tharrac agus mise a tarrac Nain dá bharra. Bhíos ar nós gealt! Ach d’éirigh linn.

nana

Fuair sí an  ” ‘rán” agus bhí sí ana shásta. “Cuma liom ach rudaí áirithe a bheith istigh agam. Shoppáil beag a dhéanamh dom féin”.

Bhuail sí le hÁine Bruic ansan ar an mbóthar.

“Ó i gcuntais Dé, conas a dh’aithin sí mé, is an chuit atá orm”.

“Nain”, arsa mise, “táim a’cur pictiúir duit ar Facebook”.

“Ó go saora Dia sin mo ghruaigh, is an chuit. Táim chomh liath le broc”!

slaineea

#pleidhcíocht 🙂

 

Na phonecalls. 

D’fhéadfadh go nglaofainn fhéin is Nain ar a chéile cúpla babhta is ló. Gan aon chúis uaireanta.

Tá cat ana bheag aici. Ní piscín a thuilleadh é… Ní hea ná é. Tá sé timpeall dhá bhliain ar a laghad. Tugann Aunty Mary “dwarf cats” orthu mar is mó ceann atá ar an gCoimín. Rudaí beaga, aite.

“Cipin” a bhaist Nain ar an gceann seo…

Ghlaoigh sí orm an lá eile.

“Aon scéal?”, arsa mise.

“Sea, bhí puiscín aige Cipin”, arsa Nain.

“What! Cabhas duit?”, a dúrtsa.

“Mar chaith sé chugam ceann acu ansan ar an bpáille. Síofra do rud, is é caillte”.

Cúpla seachtain ina dhiaidh san, phonecall eile agus bhí’os agam go raibh Nain i ndroch-ghiúmar.

“Nain, thá’n tú in a bad mood. Cad tá ort?”, a dúrtsa.

“Ó taim anois, a bhfeadaraís, mar bhí dhá phiscín timpeall, pé áit go dtánadar as agus ritheadar síos fé’n “wa-robe” orm.”

“Cailid anois”, a d’fhiafraíosa.

“Ó, cheapas go rabhadar bailithe leotha amach agus bhailíos liom a chodladh agus Gíocs ná Míocs ní raibh uathu feanna hoíche, a bhfeadaraís, go dtí’na 6 a chloig ar maidin nuair a chuala an “mí mí mí” acu. Íosa Críost, nfheadar conas ná cailleadh istigh fé’n wa-robe iad”.

An surprise 80th. 

20170429_153138[1]Bhíomair á phleanáil le bliain..

Mise, Mom, Uncle Seán, Aunty Mary agus a beirt mhac, Stephen agus Owen.

Bhí sé beartaithe againn an lá mór, 80th Nain a cheiliúradh léithi Dé Sathrain seo ‘mig’tharainn. Mise, Mom, Barry agus “Mark Evans” san óstán ar an mBuailtín, ach ní raibh aon fhonn fé’n spéir ar Nain imeacht. “No vway anois a bhfeadairís, nílim chun ‘meacht. Cad é’n ghnó don bhfuss ar fad?”

Ghaibh cleas Bhéal Feirste an treo is t’oíche Dé hAoine don lá mór an lá arna mháireach agus bhíomair ar fad i m’thigse. An chéad rud eile, ghlaoigh Nain, ach bhíosa a’déanamh dinnéir don gcleas.

“Seo Nain”, arsa mise, “labhair le Owen”.

“WE’RE NOT SUPPOSED TO BE HERE”, a bhéic Stephen, deartháir Owen.

Mo chroí’n diabhal, nach mór go scaoileas leis an rún!

Ar a 2.45 tráthnóna Dé Sathrain, bhailíos Nain chun í a thabhairt an “hotel” ach chun a ceart a thabhairt di, bhí ana dhroch-shlaghdán uirthi agus leisce sar uirthi.

Nuair a chuamar isteach, bhí na balloons is na rudaí curtha in airde ag Aunty Mary agus Mom.

Ní thóg sí aon cheann dóibh. Dúirt sí ina dhiaidh san, “Ó, cheapas gur do bhean éigint eile a bhea iad”!

Ghabhasa amach dtí’n áit atá na leithris agus arsa mise le Mary, “Seo, gaibhse isteach ar dtús”.

Ní raibh éinne in éineacht le Nain ag an dtráth seo ach Mom agus Barry agus mise.

Arsa mise le Nain, “Nain, bhuaileas le bean éigint amuigh sa toilet agus tá aithne aici ort agus teastaíonn uaithi Happy Birthday a rá leat”.

Dh’oscail dhá shúil Nain nuair a chuala sí é aeo agus an chéad rud eile, shiúil Mary isteach:

Ní dh’aithin sí bán, dubh ná dearg í!

“Íosa Críost, cheapas gur bean foreign ab ea í, ar mo leabhar” a dúirt sí!!!

Ansan, dúrt le Stephen, Owen agus Chloe (cailín Stephen) teacht isteach.

Las a dá súil suas nuair a chonaic sí iad. N’fhaca sí ón uair a phós Mam is Barry iad!

“Ó, Jesus, Owen”, arsa í! Uaireanta ní thuigeann sí beirt mhac Mhary, toisc canúint Bhéal Feirste. Arsa í, fé chara Stephen, Marty (nó Meairtin, mar a thug Nain air) a thug amach ar an mbalcony í ag pósadh Mhary, “N’fheadar ná go Laidin a bhí aige”!!!

Mo ghraidhn í Nain agus na deora léi.

Ní theastaigh uainn iad ar fad a theacht in éineacht, ar eagla go bhfaigheadh sí heart attack!

Ansan, dúrt le Uncle Seán teacht isteach. Dúirt Seán léithi níos luaithe sa tseachtain go mbeadh sé ag teacht Dé Luain, agus dhein sí “rúbar pie” do, mar “dh’íosfadh Seán a bhfuil do phie-anna in Éirinn”!

“Ó, cheapas ná tiocfása go Luan” an beannú a bhí aici do!

Ansan ar deireadh, thug Veronica, bean Sheáin, (Bironicih a thugann Nain uirthi), Alannah isteach. Sí Nain a sin seanna mháthair. Bhí sé go hálainn í a bheith inár dteannta don lá speisialta.

Bhí cad é lá againn!

 

Bhí an turkey and ham orduithe go speisialta againn do Nain agus bhí sé go haoibhinn ar fad.

An céád surprise eile, a thug Mark Evans leis:

20170429_153842[1]

Collage álainn a dheineas di.

An surprise deireanach ansan:

20170429_16385011.jpg
Déanta ag Melanie Hughes