20 bliain NACH cuma ann nó as..

Sea, chuaigh sí a’ vótáil.

‘X ab ea a chuir san áit atá TÁ?’

‘Ó, bhí san an’fhuirist’ ars’í leis an mbean a bhí ar scoil na Muirí agus chuir sí an vóta sa bhosca!

Ach dúirt sí leis, ‘ní mhaith liom na babies a bheith á marú ach oiread’. Sea’na bhí ana thuiscint aici ar an reifreann, agus cheapas ná beadh, mar ní chuireann sí an méid sin suime i bpuinn rudaí nua a thuilleadh.

Rud a chuireann isteach go mór ar Nain, ná nuair a chailltear daoine atá níos óige ná í féin.

Nuair a maraíodh na cailíní bochta i mBleá Cliath le déanaí, dúirt sí,

‘Ó mhór a’bhligeardaíocht í’ mharú. Bhí sí ana mhaith chun snáimh is na haon rud beo. S’mór ní go bhfuilimid ar a’gCoimín is nách suas chun Bleá Cliath atáimid mar mharófaí ansan sinn’.

Déarfadh sí míle rud nuair a gheobhfá chuici ar dtús.

‘Ghaibh Máiréad chugam is thug sí na fags chugam’.

‘Déanfaidh mé an baking and cabbage amárach duit agus d’fhéadfá blúire do bhreith dtí Mark má bhíonn aon tor aige air’.

‘An gcuiris athchré ar na prátaí? Caithfidh tú du-an a fháilt ó Jack Baker’!

‘Raibh Sadhbh timpeall? Go saora Dia sinn, conas a tharraigíonn sí na leanaí anall léithi?’

‘S’dócha go mbeidh Leo Varadkar a’meacht. Ó mhuise ‘s’cuma liom cad a dheineann sé’

‘Conas a bhí na yoghurts aréir?’ (Yoga)…

‘Ó bhí Susan Court-in-ey ar a dtelevision’.

‘Tabhair Rua (an madra) aníos chugam. Mo ghraidhn é. Ach n’fhéadfaidh mé é’ scaoileadh amach. B’fhéidir go bea’na leagfadh sé mé mar bheadh an crutch agam. Caithfidh mé package ham a cheannach do mar ní dh’itheann sé na nuts. Is ait ná hitheann sé na nuts’!

‘Thá trí mhuga coffee óltha’gam ó mhaidean’

‘Cad iad na seanna dhiabhal rudaí san? Sea’na thachtfaidís san tú’! (Chickpeas)!

Agus leanann sí uirthi mar sin agus ansan deir sí ‘so níl aon story agam, a bhuíonach’!

Ansan glaonn sí a tráthnóna.

‘Bhíos díreach a’ féachaint ar an jim ar an dtelevesion, an áit a bhíonm Mark ag obair. Na rudaí a bhíonn siad a’déanamh a bhfeadairís agus na rudaí a bhíonn siad a’déanamh. N’fheadfainn gedding over a dhéanamh air’!

Advertisements

One Reply to “20 bliain NACH cuma ann nó as..”

  1. Is diail í Nain. Tá Saol Feicithe aici. Coimeád greim ar na focail sin mar táid Ag sleamhnú leotha as an dTeanga. Is mór an trua é mhuise mar thugadar amach meón an duine níos fearr.

    Like

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s