spigetti Bo-naisse.

“Nain, an n-ithis an Spaghetti Bolognese a thugas chugat?”

“búire dho, búire dho sin eile. Tá an chuid eile dho thiar fós”.

“Am, caith amach anois é so”.

“Ó, déanfaidh sé an cat mar sin”, arsa Nain.

Ghlaos anocht. Comhrá mór fada againn mar gheall ar na haon saghas rud. Ansan tar éis tamaill, arsa í, “Ó, tá Mike anseo anois i m’theannta is Kathern Mary”. Mo ghraidhn iad! Gan aon trácht ar “Glaofad back ort, tá daoine anseo”!

Bhíomair i Londain agus arsa Nain, “Sea, an raibh aon time agaibh? Sé Pádaraig Sé a dhein a’mhatch”! Agus í ag tagairt do chluiche Chiarraí is Bhleá Cliath ar an raidió.

Ó rud go rud a’caint ansan…

“Ó, caithfidh mé an meait athá ansan a ní”.

“Dheineas dearúd ar chúpala rud sa tsiopa. Leathdhosaen uibhe, an ham, ó béarfaidh fear éigin leis iad. Sé Micí a thug na fags chugam inné”.

Sea, dhún Johanna.

nain

“Ó, cá bhfaigheam na fags anois. Beidh fear éigin a’meacht go Baile an Fheirtéaraigh a thabharfaidh leis iad”, a dúirt sí.

Sea, ní théann aon fhear go Baile an Fheirtéaraigh an hAON lá!

Chuaigh sí siar nuair a bhí An Saol Ó Dheas á chraoladh agus clab go cluasa uirthi ag ithe bunanna.

nainnaint

“Ó, ní dh’aithníos ‘níon Bhosco in ao’chor, an bhean athá sa Daingean. Aoife athá uirthi sin. Conas a dh’aithneófá mé, a dúirt sí, is dath i m’ghruaigh? Conas leis a bhfeadairís? Dh’aithníos an bhean eile alright, Áilín, tásí sin suas chuin Bleá Cliath. Ó go sábhála Dia sinn, thóg seán Mac a’tSíthigh mo phictiúir, n’fheadar an mbeidh mé ar an dtelivision aige? Dúirt sé liom go léann sé na blahannna. Ó caith uaim na blahanna arsa mise leis! (Na bloganna) Dá gcífeá na cístí is na cístí a bhí istigh sa steór room aige Juhanna, ná fuil na stations aici sin aríst amáireach, go Saora Dia Sinn”!

Conas go rabhaise sa stór room? arsa mise…

“Mar dh’imíos fhéin is Juhanna amach is bhí feaig againn”! a dúirt sí.

thumbnail_DSC_6389

Sé Bosco a thóg an pictiúir san di, nach deas é.

Bhí an dá bhosca SuperKing Blue deireanach ceannaithe aici ambaist, is dhá bhosca Panadol, don bpian ina glúin sula ndúnfadh an siopa.

 

Advertisements

One Reply to “spigetti Bo-naisse.”

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Google photo

You are commenting using your Google account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s