“Early”

Tá glúin Nain ana ana olc ar fad le déanaí, agus is breá léi a bheith á rá le daoine. Pé duine a bhuaileann léi, “Ó, conas tá’n tú a Mháirín?”,

“Ó, conas a bheadh seana lady is cruth a’meacht aici?”

nó,

“Ó, a’strácáil liom, a bhuíonach”

“Ó, a’baint lá don mbás”.

Bíonn comhairle ag na héinne di ach níl sí sásta glacadh leis. Tá eagla dochtúra uirthi leis.

Fuaireamar coinne di sa Bhons i dTrá Lí chun instealladh a fháil sa ghlúin agus bhí sí ana shásta leis sin.

Ní fada uainn an coinne anois, agus arsa í an lá eile, “Ó, nílim chun ‘meacht go Trá Lí in ao’chor, a bhfeadaraís, ach rachaidh mé síos dtí Conor Brouisnihan arís, agus déarfaidh mé leis an t-injegsion a thug sé dom cheana, a thabhairt dom arís. Ní bheidh aon eagla orm é a rá leis”. “Nain, ní dh’oibrigh sé sin duit cheana”, arsa mise.

“Ó, b’fhéidir go n-oibreoidh sé an tarna babhta”, arsa í.

Stubbornáltha.

Faic san cheann ansan aici ach an aimsir.

“Ó, tá’n lá inniu deas ná fuil Nain”, a deirimse.

“Tamallacha a thagann air”, a deir sí!

20190609_145124[1]

“Ó, ní bhíonn sé siúd eile anois a’ léamh a’vweather ar TG4 a thuilleadh, Early, nó pé’n ainm atá air”!!!!

“IRIAL”, a dúrtsa, is phléascas amach ag gáirí!

“Ó, bíonn sé fhéin is Sinéad Houlihan a’déanamh gaolta is réalta. Tá scoláireacht ar Sinéad Houlihan, ní foláir. Ná mór an ceol is an rince atá aici? I’m telling you ach go bhfuil scoláireacht uirthi siúd. Tá an final anocht ann”, arsa í! Ciorraíonn TG4 agus RnaG an lá di, cinnte. Gan iad, ní mór do chomhluadar a bhead aici, seachas na daoine a ghaibheann isteach chuici. Eilín Charty agus leathdhosaen uibhe aici. Mise nó Bríde Criomhthain nó Mam leis na Yorkies is na fags. Máiréad, is “bíonn rud éigin i gcónaí a’teacht aici. Thá sí ana mhaith dhom go deimhin”.

 

Bhí sí ag fanacht liom sa chairt ansan cúpla lá ó shin nuair a chuas isteach go Garveys is nuair a thána amach, “Hi”, arsa í, “hi”, a dúrtsa. B’ait liom é sin uaithi. Theastaigh uaithi go bhféachfainn sall uirthi mar bhí mo spéaclaí curtha aic uirthi féin!!! Rógaire.

20190524_122324[1].jpg

Ní théann faic i ngan fhios di, ruthan san.

“Ó, bhí Dara Cinnéide i dTrá Lí inniu. (Ag cruinniú Comhairle Contae) Tá sé a’léamh na bhfógraí anois”.

“Dh’aithníos go maith go raibh rud éigineach ar ghadhar Mhicí. Thugadh sé route anuas. Bhí’os agam go maith ná raibh aon chut comhair aige. Tá sé caillte. Bhí sé saghas glas ann fhéinigh. Thá sé caillte. Nach fada a mhaireann seanna ghadhar Mhary”! Mary, iníon Nain, go bhfuil gadhar aici go dtugann sí Malsolm air. “Malky”, a thugann Nain air!

Bhíos ag ól amach as mhuga ó Louis Mulcahy aige baile an lá eile.

“Ó, sin muga deas. Bíd san daor”.

“Ya, timpeall €17 arsa mise”.

“Ó, suarach a’seanna mhuga a dhéanadh sinn”, arsa í, “cuma linn”.

Bíonn sí a gabháíl Beannacht Dé leis na mairbh ansan, ag braith ar cén tig go dtéimid tharais sa chairt.

“Ó, níl aon ghnó acu domsa (ar neamh), anyvway. No. Níl aon ghnó do sheanna bhean. Bheadh bus feaigs in airde agam is bheadh an áit lán do dheatach”, a deir sí, is deineann sí gáire.

“Is bheadh beáranna chocilit ar fuaid na háite agam”, a deir sí, is gáireann sí arís!

Advertisements

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Google photo

You are commenting using your Google account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s