Pádaraig Sé agus an tAll Ireland

“Ó, cad déarfadh sibh leis an gcaid?”. Ghlaoigh Nain tar éis na maitche.

“Táimid bailithe”, arsa Mam.

“Ó, is mó rud níos measa a d’fhéadfadh a thárlúint” arsa í.

“Ní thit AON NÉAL CHODLATA orm tar éis a bheith ag éisteacht le sciúch Phádaraig Sé ar a’raidió”, a dúirt sí! “Go saora Dia sinn, ná bí á rá leis”!

Ní fhéachann Nain in ao’chor ar chluichí, ach éistíonn sí leis na haon phioc dóibh. “Ó b’fhearra liom fhéin Pádaraig Sé, bíonn tuiscint agam air”

Bhí sé ag éisteacht le Comórtas Peile na Gaeltachta ar fad.

“Ó, déarfainn go raibh ana ghaoth siar ar an nduí. Conas ná séideadh an tint? Raibh aon bhia deas siar sa tint?” Bia Bia Bia!

 

Tá sé ráite ag Aunty Mary riamh, tá cait ana ait ar an gCoimín. Cait bheaga. Dhóigh leat ná fásann siad in ao’chor. Is dócha go dtéann siad ar fad, deartháireacha is deirfúracha, in éineacht le chéile ar deireadh, mar ta siad fiain amach.

Bíonn Nain ana thógtha leis an ngeáitsocht a bhíonn acu.

“Níl aon ní beo agam a chaithfinn amach dtí’s na cait. Ó, cheapas go n-íosfaidís ar maidin mé. Chaitheas seanna bhib amach ar an gcrann ag triomú. Chaitheas ‘rán amach dtí’s na héanlaithe. Ní thángadar ó shin. ‘Rán cruaidh. Tiocfaid’ san, I’m telling you”.

Tugaimse arán chuici agus má fhaighim i Lidl é, deir sí “Ó, léan ar ‘rán Liddles, ní maith liom é. Is fearr an ‘rán a bhíonn aige Geairbhí”!

Bíonn sí ag tabhairt amach dom go mbím ar an bhfón thuas sa tig aici, ach ag triailt na rudaí a bhíonn sí ag rá a scríobh, a bhím!

“Arsa Pádaraig Sé liomsa, ní fearra dhuit fhios a bheith agat ar na haon chúram atá a’meacht. Thá’n ceart leis aige”, a deir sí.

thumbnail_20190810_110720

Tá scata buidéil perfume aici, i gcoimeád agus chonac an lá eile iad… bhí sí á gcúbláil.

“Bhíos a’caitheamh braon perfume orm féin a bhfeadairís is ar mo leabhar breac go gcuaigh braon do isteach fé’m shúil”!

 

Tá sí toughálta. Fuair sí “injegsion” isteach sa chois an lá eile, agus “ar mo leabhar breac, ach go bhfuil feabhas dulta ar mo ghlúin”.

Le cúnamh Dé.