Is cuma liom ach na fags is na yorkies a bheith agam.

Tá tamall ann ó scríobhas aon “Bhlock”, mar a thugann Nain air (blag), mar tá sé do rún agam rud éigin eile a dhéanamh leis an mbailiúchán scéalta seo, ach ó tháinig an víoras, is mó rud seoigh ráite aige bean an Choimín, Nain.

Tá Nain tougháltha. Ní chuireann puinn isteach uirthi, ach amháin mura mbeadh na fags istigh aici, nó dá mbeadh “stor-um” (stoirm) ann, nó, dá mbeadh duine éigin dá cuid ag taisteal, ní chodlódh sí néal nó go mbeadh ceann scríbe bainte amach acu, ach an lá eile, thugas fé ndeara ina dá súil é, go raibh eagla uirthi roimis an víoras corónach.

“Táim done má gheibheann sé chugam”, a dúirt sí.

“Ní gheobhaidh”, arsa mise, “ach gan éinne a scaoileadh isteach”.

Triailim fanacht uaithi, ach téim féin is Mam chuici chun an gual a thabhairt isteach, nó ábhar glanadh a dhéanamh, nó an siopadóireacht a thabhairt chuici, agus na fags. “Tabhair chugam trí bhosca fadgs”, a deir sí na laethanta seo, seachas aon bhosca amháin. “Ar eagla go rithfinn amach astu. Tá 40 faig ná mór ólta aige Nain inniu”, a deir sí, is gan é ach a 3 nó a 4 a chlog!

An bhean bhocht, nuair a chuala sí ar dtúis go mbeadh na haon áit á dhúnadh, dúirt sí le Mam airgead a pinsin ar fad a chaitheamh ar bhoscaí fags mar cheap sí go mbeadh na siopaithe grosaera féin ag iamh! Bhí tamall leis ann, ná féadfaí teacht ar aon Yorkie Raisin and Biscuit, ach ta an drár lán anois, mar bhí daoine ar a dtóir di! Loitithe atá sí!

93425189_2521073674812964_830230587204698112_o

“Come over to me and I’ll rub your back”, a deir sí le Rua, as Béarla, agus caitheann sí digestive biscuit nó slaghas ham chuige. “Bilgeáirdín is ea Rua uaireanta”, a deir sí.

Tá sasamh á bhaint ag lucht leanta Nain ar na meáin shóisialta as na físeáin bheaga a chuirim in airdi di na laethanta seo, nuair a bhíonn daoine in ísle brí ag an ngalar díobháileach, físeáin ar nós ceann an lae inné, nuair a dúirt sí, “Sé siúd thall, cén ainm atá aríst air, Coramuc Begeley, an ceoltóir is fearr athá sa tír ar fad, ná i Meiriceá ná in aon áit, mar chualasa ag seimint é”! H’anam an diabhal, ná thug Cormac shout-out do Nain ar an gcoirmcheoil bheo a bhí aige aréir ina champer van ó Ché an Dúinín agus na mílte duine ag faire air ó cheann ceann na tíre, agus an domhain mhóir! Nár laga Dia é.

Rud atáim tar éis a fhoghlaim ó Nain, ná go bhfuil sí ar nós sinn go léir ar shlí, cé ná fada uaithi 83, mar go mbíonn laethanta ann agus ná bíonn sí chomh lán do cheol.

“Conas tá’n tú?”, a deirim léi, laethanta.

“Ó, cuíosach, cuíosach, sin eile atá Nain inniu”, a deir sí. “Ná ní féidir liom a bheith go maith na haon lá”.

Ar an dtaobh eile don scéal, tá seans léi, ná fuil an t-idirlín aici, mar roghnaíonn sí féin cathain atá an Nuacht uaithi ar an dteilifís nó ar an raidió. É sin ráite, bíonn na haon scéal aici faoin “wirus”.

Ó, gcíonn tú é siúd eile, Maurice Johnson, is tá sé tacaithe amach as an ‘tensive care. Is é siúd thall”. Stop sí. N’fhéadfadh sí cuimhneamh ar a ainm. “Trump, a dúirt ná cuirfeadh an pusachán air fhéin. Ó go Saora Dia sinn, sé deireadh an domhain é siúráltha”.

“Tiocfaimid as”, a deirimse, “ach caithfidh mé imeacht uait Nain mar ná cheart dom a bheith ag isteach chugat.”

“Ó, ná suíofá síos i’m theannta tamall”, a deir sí. Bíonn leisce agus fonn orm in éineacht.

“Dein muga tae do Nain”, a deir sí, is rógaireacht ina dá súil, mar is maith ábalta atá sí féin chun an tae a dhéanamh. “Déanfaidh leath a’mhuga mé, is briosca”, mar dhea go bhfuil ana dhifríocht idir mhuga is leathmhuga a dhéanamh!

Go raibh míle míle maith agaibh go léir as a bheith ag cur a tuairisce, is diail é sibh go léir.

92959543_2521074034812928_7122733240669962240_o