A leithéid do mhaidean. Chaitheas tabhairt fé’n “mblock” a scríobh chun an méid a thit amach a dh’eachtraí daoibh. Bhíos i m’chodladh go sámh ar maidin inniu agus ach a ndúisíos chonac an missed call ar an bhfón. Cheapas gur duine éigin ag obair a bhí ag glaoch. An chéad rud eile, ghlaoigh Mam. Sé inniu a lá breithe, agus thosnaíos ag amhrán “Happy Birthday to you” ar an bhfón, ach dúirt sí liom, “cop on, a Sláine, tá an panic button brúite ag Nain.”
Mo chroí.
Léimeas amach as an leabaigh, isteach sa chairt le m’phyjamas fós orm agus síos go dtí Nain is mo chroí i m’bhéal. Bhí comhrá againn aréir mar gheall ar an mbás, agus n’fhéadfainn stop ag cuimhneamh air.
Tharraingíos isteach os comhair an tí, agus chonac isteach tríd an bhfuinneog í, suite ar an gcathaoir. Ritheas isteach. “Nain”, arsa mise. Stop sí ag caint mé. “Ó, suigh síos go n-eachtród duit”, arsa Nain. In ainm Dé. Mhúchas an chairt agus thugas Ned isteach liom.
“Ó, halló a mhúinín”, arsa í le Ned.
“HALLO NAIN, cad a tharla, tá an panic button imithe agus na daoine a bhíonn ag obair dóibh tar éis 5 missed call a fhágaint aige Mom, agus ceann agamsa leis.”
“Bhuel, thugas an oíche aréir, a bhfeadaraís, a’triailt mo fón a chur a’meacht agus bhí pictiúir éigin do bhean a’teacht aníos air agus glór a’teacht amach as. Tá’n fón briste orm, a bhfeadaraís, agus cheapas ná geobhadh éinne an bóthar inniu, a thabharfadh na fags is rudaí chugam, só bhrús an cnaipe”.
A leithéid do bhrainse!!!!!!!!!!
“Nain”, a dúrtsa, “Ní féidir leat a bheith á bhrú má tá na fags uait. Níl san faerálta ar éinne, bhí ár gcroí inár mbéal agat”.
Leaindeáil Mam ansan.
“Ó”, arsa Nain, “bhíos á cheargeáil, is á cheargáil, is a’brú na haon tsaghas cnaipe ach ní thiocfadh sé ar siúl agus cheapas ná tiocfadh éinne ar mo thuairisc inniu. Bhíos chun seasamh sa doras chun go gcífinn Micí nó Bríde Criomhthain a’gabháil a’bhóthair a thiocfadh isteach chun mo fón a shocrú. Sé’n slí a bhíos a’cuimhneamh feadh’na hoíche ná go gcaithfí an fón a bhreith go dtí Normán TP chun go socródh sé an fón dom.”
Dúrtsa le Nain, gur maith a bhí’os aici go dtiocfadh duine éigin, go háirithe nuair a bhí Mam ag triailt glaoch uirthi feadh’na maidine agus gurb é an voice mail a bhí le clos ón bhfón.
“Chuireas amach an luath, is dh’ólas muga tae is dh’itheas dhá ubh agus dúrt liom féin, ó tá sé róluath fós chun an cnaipe a bhrú agus i gceann tamaill, bhí sé 9 a chlog, só dúrt liom féin go mbrúfainn é”. In ainm Dé na gloire. Bhí na hainniseoirithe bochta ar an líne i gCorcaigh ábalta ar labhairt le Nain tríd an meaisín a théann leis an gcnaipe.
“Are you in pain Máirín? Thuigeas an méid sin uathu alright”, a dúirt sí.
An chéad rud eile, leaindeáil na Gardaí lasmuigh don ndoras.
Cheapamarna gur ag tiomáint timpeall a bhíodar is nuair a chonacadar an dá chairt lasmuigh do thig Nain, go rabhadar in amhras go raibh daoine bailithe le chéile agus ná fuil cead san a dhéanamh ag an WIRUS fé láthair!
“Ó, sacered Heart, tá na Gardaí amuigh. Sea’na thá rud éigin ‘mithe ar Sheán nó ar Mhary anois”, arsa Nain.
Chuas an doras.
“Is this Máirín Cahillane’s house?”, arsa an Garda.
Dúrt leis gurb ea. Sea’na bhí cleas an phanic button tar éis glaoch ar na Gardaí nuair ná raibh aon fhreagra uaim féin ná Mam. An Garda bocht, bhí sé chomh deas, agus é ag déanamh a dhíchill, teacht i gcabhair ar Nain, dá mbeadh san ag teastáil uaithi.
Dúramar leis cad a tharla agus dhein sé gáire bheag. Loirg sé a dáta breithe ansan uirthi, chun a chinntiú go raibh sí alright. Bhí na haon léim aige Ned ar an nGarda idir an dá linn. Mo chroí’n diabhal!
Thug sí do a dáta breithe agus bhailibh sé leis.
“Ó, in ainm Dé sin, a Shiobhán, dein muga coffee dom”, arsa Nain nuair a dh’imigh an Garda agus bhí an rógaireacht ina dá shúil.
“Ó, má chloiseann éinne go dtarraingíos na Gardaí ar an gCoimín, beidh mé ar an gKerryman” a dúirt sí.
Sin é mar a bhí an mhaidean ar an gCoimín.
Athbhliain fé mhaise daoibh!